Context
of lectures
Irish society has changed rapidly and radically in the late twentieth and early twenty first centuries. Economic growth and prosperity have enabled Irish people to forge a new modern image both nationally and internationally. These changes have resulted in old verities being challenged, and the uncertainties of our post-modern condition have given rise to warnings of social division and cultural fragmentation. In these circumstances, there is real need for critical debate on the nature of civil society and on the framing and shaping of policies, perspectives and public opinions. The Seamus Heaney Lectures provide a platform for speakers of international and national reputation to address a variety of themes of social and educational import with a view to informing and shaping debate and national policies. The current series will provide an opportunity for the public to engage with critical debates on a range of key equality issues.
Tá sochaí na hÉireann tar éis athruithe móra a chur di le blianta beaga anuas. Chuidigh an borradh eacnamaíoch agus an rachmas a lean é le híomhá nua den tír agus dá muintir a chruthú sa bhaile agus i gcéin. Tá na hathruithe atá tarlaithe tar éis iallach a chur orainn cuid dár seantuiscintí a cheistiú ó bhonn. Tá na héiginnteachtaí a bhaineann lenár staid iarnua-aoiseach tar éis ábhair nua imní a chruthú freisin, go háirithe faoi nithe mar an éagothroime shóisialta agus an smidiríneachas cultúir. Tá géarghá sna cúinsí nua seo le díospóireacht chriticiúil faoi nádúr na sochaí sibhialta agus faoi na fórsaí a mhúnlaíonn polasaithe stáit agus peirspictíochtaí agus tuairimí an phobail. Cuireann Léachtaí Seamus Heaney ardán ar fáil do chainteoirí aitheanta náisiúnta agus idirnáisiúnta chun réimse téamaí sóisialta agus oideachais a phlé ar bhealach a chuirfidh leis an díospóireacht ar pholasaithe náisiúnta. Tabharfaidh an tsraith reatha deis don phobal dul i ngleic le díospóireachtaí criticiúla ar chuid de na mórcheisteanna is práinní a bhaineann le hábhar an chomhionannais.